Wednesday, February 6, 2008

Aodh agus Art

Beidh an scríbhneoir agus aistritheoir, Aodh Ó Canainn, ag tabhairt caint ar "Mac Cumhaigh go Marconi: Aistear Aistritheora" sa Chultúrlann, Baile na Manach, BÁC, seachtain ón lá amárach ag 8.30pm, a scríobhann Pól Ó Muirí.


Chaith Ó Canainn seal ag obair i Maidrid i monarcha Marconi Espanola agus is ann, a dúirt sé, a fuair sé "cleachtadh - cineál áiféiseach - ar an aistriúchán den chéad uair". Beidh sé ag caint faoi thábhacht an aistriúcháin liteartha ó theangacha na mór-roinne agus faoina thaithí i gcás na Spáinnise agus na Rómáinise.


This article appears in the print edition of the Irish Times

Latest »Rss Feed

Your Vote »

Do you think Beverley Flynn should give up her Independent TD's allowance?