Wed 10 Oct 2007Comóradh ceolmharMar chuid de chomóradh 35 bliain RTÉ Raidió na
Gaeltachta, beidh buaiteoirí uile Chorn Uí Riada - 22
amhránaí ar fad - ar aon láthair amháin den
chéad uair riamh ag Oireachtas na Gaeilge.Beidh na buaiteoirí le chéile le linn
phríomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais,
Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada, i gCathair na
Mart, Co Mhaigh Eo, oíche Shathairn. Déanfaidh ceannaire
Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, bronnadh
speisialta ar gach aon duine acu.