Wed 10 Oct 2007Fianna Fáil ag dul ó thuaidhBeocheist:Bhíodh seanghrianghraf ag mo
sheanathair a thaispeánadh sé go bródúil do
chuairteoirí ina theach ar imeall Thaobh an Bhogaigh i
nDoire.Ba phictiúr é de pharáid sa gceantar a
eagraíodh nuair a rinneadh Éamon de Valera "a
smugláil" trasna na teorann chun cuairt a thabhairt ar
náisiúntóirí na cathrach. Is dócha gurb
í seo an chuairt chlúiteach a shaothraigh mí
phríosúntachta dó as labhairt le cruinniú
réamhthoghcháin ann i 1924. Déantar dearmad air
uaireanta gur toghadh de Valera mar fheisire parlaiminte do Chontae
an Dúin fán am seo.