Wed 10 Oct 2007'To thine ownself be true'Beocheist:Bheadh níos mó measa agam ar
Hillary Clinton dá mba rud é gur fhág sí Bill,
dá mba rud é gur chaith sí an uachtaránacht
agus an Teach Bán ar ais san aghaidh aige, gur thug sí
íde béil dó agus gur shiúil sí amach air.
Bheadh sé tuillte go maith aige.Cuireann sé alltacht orm aghaidh chróga s'aici a
fheiceáil sna páipéir nuachta agus ar an
teilifís, ag troid fá choinne an phoist chéanna a
bhí aige. Muna bhfaigheann sí é, caidé a
dhéanfaidh sí ansin, an créatúr? Níl
mé ag iarraidh an náire agus an díoma a d'fhulaing
sí go dtí seo a shamhlú.