Wed 10 Oct 2007DUP in éadan acht teanga sa TuaisceartTuarascáil:Ní bheidh Acht Gaeilge ar
bith do Thuaisceart Éireann. Ag caint i mBéarla i
dTionól Thuaisceart Éireann maidin inné, dúirt
an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíocha,
Edwin Poots (DUP), go raibh amhras air gurbh í
reachtaíocht an bealach ab fhearr le forbairt na Gaeilge a
chur chun cinn: "...I remain unpersuaded that there is a compelling
case for bringing forward Irish-language legislation at this
time."Dúirt sé go bhfuair sé 11,000 freagra
scríofa ar phróiseas comhairliúcháin i leith an
achta. Bhí 65 faoin gcéad (7,500) acu sin i bhfábhar
"some form of legislation" agus bhí 35 faoin gcéad
(4,129) ina éadan sin: "It is my assessment that the proposal
to introduce Irish language legislation at this time is unlikely to
command the necessary support in the Assembly on the grounds of
being incapable of securing sufficient consensus."