Wed 10 Oct 2007Col cúigir an bheirt SheánBeocheist:Tá cuimhne faoi leith agam ar
bhás an Ríordánaigh. Mo chara le bliain go leith,
ó casadh ar a chéile muid an chéad lá ag an
meánscoil, ag insint dom gur chol cúigir léi an file
(1916-77). "Shíleas," arsa mise, "go mba é Ó Riada a
bhí mar chol cúigir agat."Luigh an méid sin le réasún mar fiú ag an
aois sin an-phianadóir ab ea í. Ach maidir leis an
bhfile, in ainneoin go mba í an cailín is cliste sa rang
í, bhíos cinnte go raibh dul amú uirthi toisc
cosúlacht bheith idir ainmneacha na beirte.