Wed 09 Sep 2007Díospóireacht chéanna ar feadh 60
bliainTuarascáil/Pól Ó Muirí, Eagarthóir
Gaeilge:Sheol an
Irish Timescartlann digiteach an tseachtain seo mar chuid
dá seirbhísí Idirlín. Tá gach eagrán
den nuachtán ag dul siar go 1859 anois ar fáil do
léitheoirí ar líne.Ach an focal "Gaeilge" a chur san inneall cuardaigh, faigheann
tú 15,444 tagairt. Aithneoidh daoine mórán de na
scríbhneoirí Gaeilge atá sa chartlann: Risteárd
Ó Glaisne; Máirtín Ó Cadhain; Proinsias Mac
Aonghusa, srl. Is scéal ann féin iad na colúin
éagsúla Ghaeilge a bhí ar an nuachtán seo le 50
éigin bliain.