Wed 09 Sep 2007Filleadh fada na nIarlaíBeocheist/Éilis Ní AnluainMar a
tharlaíonn blianta comóraidh tagann tráth go
n-airímid go bhfuil an scéal ar fad inste. Ní
foláir gur bliain eisceachtúil í seo. Ní
hé amháin go bhfuil comóradh dúbailte i gceist,
is é sin bunú Choláiste San Antaine na bProinsiasach
sa Lobháin i mí Bealtaine na bliana 1607 agus Imeacht na
nIarlaí, Ó Néill agus Ó Dónaill, ceithre
mhí ina dhiaidh sin.Ach rud eile, in ainneoin an líon mór deireadh
seachtainí léannta agus taispeántaisí a
bhí ar siúl go dtí seo, tá cuid eile fós
le teacht.