Wed 07 Jul 200720 bliain ag feoNíl ach "20 bliain ar a mhéid fágtha ag an
nGaeilge mar theanga phobail cheal athruithe suntasacha" de
réir tuarascáil ollscoile, Staidéar Cuimsitheach
Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a
choimisiúnaigh an Rialtas.Níl an tuarascáil le foilsiú go hoifigiúil
go dtí an Fómhar ach foilsíodh sleachta di ar Foinse
le cúpla seachtain anuas. De réir eagarthóir an
nuachtáin, Seán Tadhg Ó Gairbhí, tugann an
tuairisc "breithiúnas duairc" ar scéal na Gaeltachta;
beidh "an Ghaeltacht marbh laistigh de 20 bliain mura gcasann an
taoide atá i gcoinne na Gaeilge ... Deir an staidéar nach
bhfuil ach saolré 15-20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar
theanga phobail agus theaghlaigh sna ceantair Ghaeltachta is
láidre mura dtagann athrú suntasach ar nósmhaireacht
agus iompar teanga...