Wed 07 Jul 2007Ag cur eolais ar an ipodBeocheist/Alan Desmond:I réimse na
teicneolaíochta bhí mé chun deiridh ar mo
chomhghleacaithe is mo chomhaoiseanna riamh. Níor oscail
mé cuntas ríomhphoist go dtí go raibh mé sa
tríú bliain ar ollscoil, mar shampla.Is cuimhin liom go glinn an chéad cheann a scríobh
mé. "Seo mo chéad ríomhphost. Tá súil agam
go bhfuil tú go maith," a bhreac mé síos ar an
scáileán ríomhaire os mo chomhair amach (le mo
dhá ordóg, ar ndóigh) sular bhrúigh mé ar
an gcnaipe chun é a sheoladh.