Wed 05 May 2007Na páirtithe fós ar lorg vóta na
GaeilgeTuarascáil:Agus na vótaí le
caitheamh amárach, críochnaíonn muid ár sraith
ar gheallúintí na Gaeilge i bhforógraí na
bpáirtithe polaitíochta. De réir fhorógra Fhine
Gael: "We will substantially reform the teaching and learning of
the Irish language in line with our published proposals in this
area, including giving all Leaving Certificate students the choice
to study Irish for their final two years in school."Scríobhann Fine Gael go ndéanfaidh siad "leasú
radacach" ar churaclam na Gaeilge agus go mbunóidh siad
ábhar nua Ardteistiméireachta, Communicating in Irish, a
chuirfidh béim ar líofacht na Gaeilge. Bunóidh siad
"Language Support Corps" a chuideoidh le scoileanna a bhfuil
deacrachtaí ar leith acu le teagasc na Gaeilge.