Wed 05 May 2007Is gá dúinn an drámaíocht a
chothúTuarascáil:Is iomaí duine a chaitheann
saoire sna Dúnaibh i Ros Goill, Co Dhún na nGall, gan
focal Gaeilge a chluinstin ann bíodh go bhfuil sé le
tuiscint ó fhógraí agus ó chomharthaí
bóthair ar fud an bhaile gur i gceantar Gaeltachta atá
siad.Níorbh amhlaidh an scéal ag an deireadh seachtaine
saoire ag tús na Bealtaine nuair a bhí an Fhéile
Náisiúnta Drámaíochta ar siúl ann agus
compántais i láthair ann ó Chorcaigh, Bhaile
Bhúirne, Chorca Dhuibhne, Bhaile Átha Cliath agus ó
na Dúnaibh féin agus canúintí difriúla
Gaeilge le cluinstin sna hóstáin agus sna tithe
tábhairne ar fud an bhaile agus aos óg an cheantair ag
glacadh páirte sna comórtais agallamh beirte agus
lúibíní a bhí ar siúl Dé
Sathairn.