Wed 05 May 2007Anois ar theacht na bhforógraíTuarascail Pol O Muiri Eagarthoir
GaeilgeLeanann cúrsaí an olltoghcháin ar
aghaidh agus tá na páirtithe ag foilsiú a gcuid
forógraí diaidh ar ndiaidh agus cur síos iontu ar a
gcuid polasaithe i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge.Scríobhann Fianna Fáil ina bhforógra, Anois, Na
Chéad Chéimeanna Eile, nach bhfuil "aon chomparáid
idir teist Fhianna Fáil agus teist aon pháirtí eile
maidir le cur chun cinn ár dteanga dhúchais. Sna blianta
deireanacha, thugamar tacaíocht d'fhorbairt na
nGaelscoileanna, dhúblaíomar an deontas do TG4, ritheamar
an tAcht um Teangacha Oifigiúla, agus d'éirigh linn
stádas a fháil don Ghaeilge mar theanga oifigiúil
san Aontas Eorpach. Baintear i bhfad níos mó
úsáide as an teanga agus tá níos mó
tuismitheoirí ná ariamh ag roghnú oideachais
trí Ghaeilge dá bpáistí."