Wed 04 Apr 2007Léargas dearfach ar na GardaíBeocheistSeán Ó Riain:Sa bhliain
2001 tugadh oifig don Sáirsint David McInerney i gCearnóg
Fhearchair, ceanncheathrú an Gharda Síochána i
mBaile Átha Cliath, agus dúradh leis teagmháil a
dhéanamh leis na mionlaigh eitneacha san ardchathair. B'shin
go hachomair mar a tháinig Oifig an Gharda Síochána
um Chiníochas agus Ilchultúrachas (OGSCI) ar an
bhfód.Inniu agus Gardaí eitneacha á n-earcú, tá an
OGSCI á riaradh ag an gCigire Colm Fox, McInerney agus an
Sáirsint Ó Mathúna.