Wed 04 Apr 2007Ag trácht ar theagasc GaeilgeBeocheistPádraic Breathnach:Is fada
fiannach muid ag trácht ar chomh dona is a mhúintear an
Ghaeilge. Seo arís muid le gairid ag trácht air. Muid ag
moladh go gcuirfí breis bhéime ar labhairt na teangan, go
mbronnfaí breis mharcanna ar an scrúdú i labhairt na
Gaeilge, go ndéanfaí clár nua tarraingteach a leagan
amach, go mbunófaí an clár sin atá ar shaol
freacnairc na ngasúr; é seo is é siúd!Seo anois mise le mo dheilín beag féin! Ní
chreidim féin gur ar chláracha nó ar mhodhanna
atá an locht. Ar an múinteoir a bhrathann torthaí,
bídís dea nó droch. Mura mbíonn an
múinteoir dúthrachtach is cuma sa sioc faoi chlár
nó faoi mhodh. Má tá an múinteoir
dúthrachtach múnlóidh an té sin pé
clár nó pé modh chun a leasa.