Wed 04 Apr 2007Déan beart de réir briathair -
CoimisinéirRinne lucht na Gaeilge 611 gearán leis an Choimisinéir
Teanga, Seán Ó Cuirreáin, anuraidh. De réir
thuarscáil bhliantúil an choimisinéara do 2006 a
foilsíodh Dé Luain, b'ionann sin agus ardú 47 faoin
gcéad ar 2005; "méadú suntasach" a bhí ann.Tháinig 30 faoin gcéad de na gearáin ón
Ghaeltacht agus 38 faoin gcéad ó Bhaile Átha Cliath.
De réir na tuarascála, níor bhain na gearáin
uilig le sárú ar dhualgais reachtúla faoi Acht na
dTeangacha Oifigiúla; bhain siad le fadhbanna gnó a
dhéanamh trí Ghaeilge le heagraíochtaí
stáit. D'fhiosraigh an coimisinéir na gearáin seo de
réir "spiorad" na reachtaíochta.