Wed 01 Jan 2007An Bono reacht Crobhingne: Nuair a bhíonn séasúr na féinfuipeála faoi lánseol, bítear ag gabháil de lascanna go tiubh ar an mBunreacht againn féin. Agus ós ní é go bhfuil an 70 bliain sroichte ag an mBunreacht i mbliana is féidir a dheimhinfhios a dhéanamh ded dhóigh go mbeidh na gnáthamhrasáin amuigh á stracadh le fórsa.Cé gur baineadh go leor den 'dochar' as le glúin anuas bí cinnte de go mbeidh ábhar scamhaite fós ag daoine. Na cúraimí a thug blas sainiúil dó ar feadh an chuid is mó dá shaol, mar a bhí ionad oinigh na hEaglaise Caitlicí Rómhánda, an cosc ar cholscaradh, agus an t-éileamh ar na críocha náisiúnta le ceart tá siad sin ar fad díbeartha nó maolaithe. Agus nuair a deineadh iarracht ar an nginmhilleadh a bhac is róbhaol gur féidir a thoradh a chiallú ar chuma chomh scaoilte sin go gceadófaí é ar chúinsí atá leathan go maith.