Wed 01 Jan 2007Ruathar na scoile agus ceacht teangaRuathar na scoile arís eile. Deireadh le saoire na Nollag agus an tréimhse ghlórmhar sin nuair nár ghá dom tabhairt faoi ruathar na scoile - mo chuid páistí, nia agus neach a chur sa charr, impí orthu bheith ciúin agus díospóireacht a stiúradh ar rogha an cheoil: Nelly Furtado atá ann faoi láthair; bhí Snow Patrol ann ar feadh tamaill; The Goo-Goo Dolls roimhe sin; Nancy Griffith roimhe sin arís.Is ar éigean a thuigfeá go raibh Gaeilge de chineál ar bith sa charr dá mbunófá do thuairim ar rogha an cheoil. Ach tá Gaeilge ann más ar éigean é.