Wed 11 Nov 2006Marsa, Magla agus straiteisi athnuachana Paimfléad eile i sraith luachmhar foilseachán ar chúrsaí Gaeilge atá in Ó Mhársa go Magla: straitéis nua don Ghaeilge (Coiscéim, €7) le Tomás Mac Síomóin. Saothar cantalach intleachtúil atá ann; cantalach sa mhéid is go mbraitheann an léitheoir fearg Mhic Shíomóin faoi chúrsaí Gaeilge tríd an saothar ar fad agus intleachtúil mar nach ligeann sé don fhearg an lámh in uachtar a fháil air (i gcónaí!) ach féachann sé le bealaí a aimsiú le cás na Gaeilge a chur chun cinn.Bhraithfeá míshásamh an údair ón chéad alt: "Tá gach uile ghné de chultúr na hÉireann faoi láthair - Gluaiseacht na Gaeilge san áireamh - chomh mór sin fós faoi thionchar choilíneachas cultúrtha Shasana abhus nach féidir bheith ag labhairt ar oidhe na teanga gan a lorg leanúnach siúd a thuiscint."