Wed 05 May 2004O ainm Rioga go hainm GaelachBeocheist: Daingean, Portlaoise, Cóbh agus Dún Laoghaire. Ceithre bhaile le hainm gan leagan Béarla. Bailte na Gaeltachta féin ní féidir an méid sin a rá faoina bhformhór, ach le roinnt blianta anuas níl aon Bhéarla le feiceáil níos mó ar na comharthaí bóthair.Duine ar bith a bhí sa Ghaeltacht sular cuireadh suas na comharthaí nua i nGaeilge amháin beidh cuimhne acu ar na seanchomharthaí dhá theangacha agus péint dhubh curtha ag muintir na háite tríd an Bhéarla. I m'óige, agus claonadh láidir ionam chun néatachta, ní dhearna mé idirdhealú idir na stríocaí seo agus graffitti ar bith eile a bhainfeadh d'áilleacht na timpeallachta.