Wed 11 Nov 2002Bunmhianach an chamainAn Peann Coitianta: Fuasclaíonn foclóir na heolaíochta cuid de bhunmhianach an chamáin agus seolann ar ais isteach é sa bhithsféar arb as é. "Mar a chéile an bithsféar agus na réigiúin go léir ar domhan a mbíonn beatha fhéinchothaitheach iontu." (Nod don Eolach)Bláth, leis, agus planda agus crann le cabhair na fótaisintéise, a bhaineann dé-ocsaíd charbóin as an aer, agus a ligeann ocsaigin amach. Dúil neamhbheo gan anáil é an camán, áfach, é támh ach lán dá fhéidearthachtaí diúractha féin, beag beann ar a mháistir. Fós, níl cás ar bith dá fhoirfeacht ach i lámha an mháistir.